A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál Go bhfeice mise'n t-ádh 'gus an séan ort Ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá Ná'n eala 's í a' snámh ar an Éirne Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht Is binne liomsa tú ná na téadaí 'S mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i lionndubh 'Gus cuirfear insa chill 'do dhéidh mé Is iomaí sin guth mná a chluinimse 'ngach aird Abhus agus taobh thall den Éirne Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaigh 'Sí Neansaí 'thug bua ar a' méid sin A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é'r saol Dá mbeinnse agus í le chéile? Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach Is aithris di gur buartha atá mé Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche Le harraing atá trí mo thaobh deas Aithris é dá súil, aithris é dá cúl Aithris é dá méin mhaith chéillí Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha'
Дата: 15 мая 2020, Просмотров: 577
Clannad - Neansai Mhile Gra
* Текст песни написан собственноручно и предназначен для ознакомления.
Новые тексты
- А-Студио - Она не виновата
- Akmal' - Птицы
- Григорий Лепс & SHAMAN - Он...
- Миа Бойка - Я самая
- Анна Немченко - Танцпол вез...
- Ваня Дмитриенко - Шёлк
- Хабиб - Шаганэ
- NЮ - Это была она
- Сергей Лазарев - Шоумен
- Татьяна Куртукова - С добро...
- NЮ - Танцуй
- NЮ - Там на небе звёзды
- Егор Крид - Незабудки
- Лисицын - На такси
- Merab Amzoevi - Трава у дом...
